Accessibility Tools
  • Increase Text
  • High Contrast Mode

Oifigeach Feidhmiúcháin (Buan) – Foras na Gaeilge

Is mian le Foras na Gaeilge, an comhlacht forfheidhmithe atá freagrach as an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud oileán na hÉireann, an ceapachán seo a leanas a dhéanamh.

Oifigeach Feidhmiúcháin (Buan)
Tagairt: OFAIS/0925

Beidh an post seo lonnaithe in Oifig Fhoras na Gaeilge, Dún Seachlainn, Co. na Mí.
Is é an tuarastal don phost seo ná €35,983 – €57,697*.
D’fhéadfaí an ráta tuarastail a choigeartú ó am go chéile ar aon dul le beartas pá an Rialtais.
*Caithfear an post a thairiscint ag bun an scála.

Foirm Iarratais & Leabhrán Eolais

Is féidir na cáipéisí a íoslódáil díreach ó: https://www.forasnagaeilge.ie/maidir-le-foras-na-gaeilge/foluntais/

T: +353 (01) 639 8400 R: poist@forasnagaeilge.ie

SPRIOCDHÁTA
Caithfear cóip PDF/JPG de d’fhoirm iarratais chomhlánaithe a sheoladh ar ríomhphost roimh 12 meán lae, Dé hAoine, 13 Meitheamh 2025 chuig: poist@forasnagaeilge.ie

Tá Foras na Gaeilge tiomanta don chomhionannas deise agus cuirimid fáilte roimh iarratas ó iarrthóirí a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu gan bheann ar chreideamh, ar inscne, ar mhíchumas, ar chine, ar dhearcadh polaitíochta, ar aois, ar stádas pósta, ar chlaonadh gnéis nó cé acu atá nó nach bhfuil cleithiúnaithe acu. De réir fiúntais amháin a mheasfar gach iarratas.

Proficiency in the Irish language, both written and oral, is an essential requirement for the above post.


« Back to Careers