Accessibility Tools
  • Increase Text
  • High Contrast Mode

Agus Anois – Beagáinín Ciúnais Mike Mac Domhnaill | Cló Iar-Chonnacht

Release Date10/06/2024
FormatPaperback
PublisherCló Iar-Chonnacht
CategoriesLiterary Journal

An chéad chnuasach scríbhinní i nGaeilge leis an Luimníoch seo a bhfuil cáil bainte amach aige as a chuid gearrscéalta Béarla ach gur mar fhile is fear aithne air i nGaeilge. Scríbhneoir é nach gcreideann sa scoilt dhénártha idir an dá theanga oifigiúla.

D’éirigh sé tuirseach den ngearrscéal per se agus thosnaigh ar na scríbhinní atá sa leabhar seo. Prós trialach. Taitníonn an lipéad “file engagé” leis, ainm a bhaist an foilsitheoir Pádraig Ó Snodaigh air.

Rugadh Mike Mac Domhnaill i gCluain Cath in iarthar Luimnigh ach d’aistrigh an chlann go Caisleán Nua nuair a bhásaigh a athair. Gníomhaí agus scríbhneoir é. Tá saothar foilsithe aige i Nua Aois, An Cloigeann is a Luach (díolaim), The Stony Thursday Book, Microphone On, Dal gCais, Weekly Observer, Feasta, Comhar, LÁ, I Live in Michael Hartnett (díolaim).

Bhuaigh sé an RTÉ Francis MacManus Short Story Competition 2013 agus bhain clú amach leis an mbailiúchán Sifting: Uncle Ned & Other Stories (Liberties Press, 2015). Thug leithéid Donal Ryan, Joseph O’Connor agus Kelly Creighton ard-mholadh dó.

Leabhair eile leis: Mac Baintrí – Widow’s Son (Cluain Cath Press, 2009), Macalla “Maidu” (Coiscéim, 2013), Sifting: Uncle Ned and Other Stories (Liberties Press 2015), Forgiving Moon (Revival Press 2020), Mise Fear Pluaise (Coiscéim 2022), Weeds United (Revival Press 2024)