Accessibility Tools
  • Increase Text
  • High Contrast Mode

Aisteoir Faoi Sholas Clive Geraghty | Cló Iar-Chonnacht

Release Date11/08/2024
FormatPaperback
PublisherCló Iar-Chonnacht
CategoriesMemoir

Chaith an t-údar breis agus dhá scór bliain le Compántas Amarclann na Mainistreach. Is ann a fuair sé a chuid oiliúna ach cuireadh deireadh leis an gcompántas in 2004.

Caitheann sé súil siar ar shaol an aisteora ghairmiúil agsu cúrsaí drámaíochta in Éirinn le beagnach leathchéad bliain anuas sa leabhar seo.

Chaith Clive Geraghty seacht mbliana ag obair mar theicneoir san Aerchór sular glacadh leis mar bhall den scoil aisteoireachta in Amharclann na Mainistreach i 1963.

Tógadh isteach sa chomplacht é nuair a d’fhág sé an t-arm agus chaith sé breis is daichead bliain ann, ag obair ar níos mó ná 200 dráma.

Rinne sé roinnt mhaith oibre ar dhrámaí ar raidió agus ar an teilifís. Tá drámaí don raidío scríofa aige, gearrscéalta, aistí do Sunday Miscellany agus The Living Word agus d’Aistí ón Aer agus chaith sé tréimhse mar scríbhneoir ar Fair City.

D’fhág sé an Amharclann Náisiúnta in 2005 agus thug sé aghaidh ar Ollscoil Mhá Nuad, áit ar bhain sé Dioplóma sa Ghaeilge amach agus céim sa Nua-Ghaeilge agus sa tSean-Ghaeilge ina dhiaidh sin.