Release Date | 11/02/2024 |
Format | Paperback |
Publisher | Cló Iar-Chonnacht |
Categories | Literary Fiction |
Tá go leor cainte déanta le blianta beaga anuas faoi scannal na n-áras máithreacha agus leanaí, agus is anois atá scribhneoirí agus ealaíontóirí eile tosaithe ag dul i ngleic leis an uafás.
Seo nóibhille nua ar an ábhar ó scríbhneoir a bhfuil sé cruthaithe go minic aige nach leasc leis cúinní dorcha na hÉireann a ransú agus solas an lae a scaoileadh isteach orthu.
Tá Micheál Ó Conghaile aitheanta mar dhuine de phríomhscríbhneoirí próis na Gaeilge.
I measc na nduaiseanna atá buaite aige tá Duais an Bhuitléaraigh, Duais Litríochta Hennessy agus duais Stewart Parker/BBC Raidió Uladh.
Tá sé ina bhall d’Aosdána ó 1998. Sa bhliain 1985 bhunaigh sé Cló Iar-Chonnacht, comhlacht foilsitheoireachta litríochta agus ceoil.