Accessibility Tools
  • Increase Text
  • High Contrast Mode

Daidí na Nollag i bPonc! Pádraig Standún | Cló Iar-Chonnacht

Release Date12/01/2024
FormatPaperback
PublisherCló Iar-Chonnacht
CategoriesChildrens

Níl Mamaí agus Daidí na Nollag ag tarraingt go maith lena chéile de bharr strus an tsaoil. Tá an víreas Covid-19 ag goilliúint go mór orthu mar atá sé ar gach duine eile.

Ceapann Mamaí na Nollag gur cheart do Santa fanacht sa mbaile an Nollaig sin in áit dul le bronntanais chuig gasúir an tsaoil, ar fhaitíos go scaipfeadh sé an víreas.

Tá Rudolph bocht trína cheile ag an mbeirt acu. An mbeidh Nollaig shona acu ar fad fós?

Rugadh Pádraig Standún i mBaile Dabhac, Co. Mhaigh Eo i 1946. Tá blianta caite aige mar shagart in Ard-deoise Thuama ag freastal ar phobail Ghaeltachta na Gaillimhe agus Mhaigh Eo, in Inis Oírr agus Inis Meáin (Oileáin Árann), ar an gCeathrú Rua, i dTuar Mhic Éadaigh, agus i gCarna. Scríobhann sé do dhaoine fásta agus do dhaoine óga.

Tá trí leabhar agus fiche foilsithe aige idir úrscéalta, scéal faoina shaol mar shagart (Eaglais na gCatacómaí) agus stair áitiúil (Tuar Mhic Éadaigh sa Stair agus Seanchas). Tá a shaothar aistrithe go teangacha eile ar fud an domhain.