Release Date | 05/05/2024 |
Format | Paperback |
Publisher | Cló Iar-Chonnacht |
Categories | New Releases, Poetry |
Is iarracht iad na dánta seo cló focal a bhualadh ar an saol. In am seo na cinniúna ó thaobh thodhchaí na cruinne de déantar athghabháil ar na nithe a chuidigh leis an bpobal teacht slán san am a caitheadh: ómós don dúchas lena n-áirítear an teanga, na healaíona dúchais agus an creideamh atá fós beo.
Feictear an t-ómós áite sa gcur síos a dhéantar ar an tírdhreach agus ar an nádúr ar siombailí de iad na healaí agus iad ag filleadh bliain i ndiaidh bliana.
Tá cúram déanta sa gcnuasach seo d’iarmhairtí na cogaíochta más sa mbaile nó i gcéin é agus tugtar cuireadh athmhachnamh a dhéanamh ar chiste na síochána nuair is ann di.
Is as Carna i gConamara í Aingeal Ní Chualáin agus is ann a fuair sí a cuid scolaíochta. Chaith sí blianta ag obair mar mhúinteoir meánscoile agus mar theagascóir in earnáil an Oideachais Aosaigh.
Bhain sí céim dochtúireachta amach in Ollscoil na Gaillimhe ina dhiaidh sin. San áireamh ina cuid foilseacháin tá an leabhar Tomás Bairéad Rogha Scéalta a chuir sí in eagar. Is é Dhá Scór Eala an chéad chnuasach filíochta a foilsíodh léi.