Release Date | 07/01/2024 |
Format | Paperback |
Publisher | Cló Iar-Chonnacht |
Categories | Fiction |
Anois is arís, cuireann an t-údar seo saothar úr ar fáil dúinn, agus is fiú i gcónaí fanacht leis na leabhair uaidh. Sa bhailiúchán nua seo, “Mná,” scríobhann sé faoi shaol na mban i seacht scéal suaithinseach.
Bíonn a scéalta ag dul i ngleic leis an taobh sin dár nádúr nach féidir a chur i bhfocail go héasca, agus déanann an t-údar é seo le healaín agus le paisean.
Rugadh Daithí Ó Muirí i gContae Mhuineacháin. Tá cónaí air i gCois Fharraige le fada an lá.
Foilsíodh a chéad ghearrscéal sa nuachtán Lá i 1993. Foilsíodh a chéad chnuasach scéalta, Seacht Lá na Díleann (Leabhar Breac) in 1998. Ina dhiaidh sin foilsíodh Uaigheanna (CIC 2002), Cogaí (2002), Ceolta (CIC 2006), Ré (CIC 2012), Litríochtaí (2015).