Accessibility Tools
  • Increase Text
  • High Contrast Mode

Oiread na Fríde Jackie Mac Donncha | Cló Iar-Chonnacht

Release Date02/08/2024
FormatPaperback
PublisherCló Iar-Chonnacht
CategoriesChildrens, New Releases

Úrscéal do dhéagóirí

Baintreach í Áine a bhí pósta ar Bhrian agus bhí beirt pháistí acu, Naoise agus Aoife. Ina gcónaí leo tá máthair Bhriain, Peige.

Tá caidreamh tosaithe ag Áine le fear, Gearóid, agus tá sí ag iarraidh go gcuirfeadh a clann aithne air. Fear ard, dea-dhéanta, slachtmhar ,saibhir é a dhíolann carranna mar shlí bheatha , ach tá rud amháin cinnte: ní mó ná tógtha atá an gadhar, Leo, leis, drochthuar dar leis na páistí.
Agus tá fear eile ann a bhfuil súil aige ar Áine, duine de na comharsana, Liam. Ansin buaileann carr faoi Leo bocht. Ach an d’aon turas a rinneadh é?

Tá Áine ag mothú ciontach faoi chaidreamh de chineál ar bith a thosú le fear eile fiú agus a fear céile féin a bheith faoin bhfód le fada. Tá sé seo uilig ag tarlú agus Covid-19 ag déanamh a bhealaigh go rábach ó cheann ceann na tíre.

File agus úrscéalaí bisiúil as Cill Chiaráin i gConamara, Co. na Gaillimhe is ea Jackie Mac Donncha a bhfuil go leor gradam bronnta air as a shaothar.

San áireamh ina chuid foilseacháin, tá; rogha saothar i RÉALTA (RTÉ RnaG, 1996), cnuasach filíochta, GAINEAMH SÉIDTE, (CIC 2003), gearrscéalta BRÓGA JOHNNY THOMÁIS (CIC 2013) agus na húrscéalta AILEACH (CIC 2010), agus AN MIANADÓIR (CIC 2015).