Accessibility Tools
  • Increase Text
  • High Contrast Mode

Póg Mo Thóin agus Scéalta Eile Pádraic Breathnach | Cló Iar-Chonnacht

Release Date01/10/2024
FormatPaperback
PublisherCló Iar-Chonnacht
CategoriesFiction, New Releases

An caidreamh a dhéanann daoine le daoine eile is cás le Pádraic Breathnach sa saothar seo – an chéad chnuasach nua gearrscéalta dá chuid le beagnach fiche bliain. Caidreamh ina thús nó ina dheireadh, caidreamh á chothú agus caidreamh á scrios, caidreamh folláin agus caidreamh míshláintiúil.

Seo díolaim scéalta a bhfuil casadh chun an dorchadais le sonrú go láidir iontu: fir dhrúisiúla, mná míshásta, tuismitheoirí atá imníoch agus páistí atá míbhuíoch, daoine atá ag iarraidh an dubh a chur ina gheal ar dhaoine eile, agus gan a fhios acu go bhfuil an chluain á cur orthu féin. Leabhar é ar furasta gruaim a shamhlú leis ach a bhfuil an solas ina orlaí tríd.

I gCoill Bruachlán, Maigh Cuilinn, a rugadh Pádraic Breathnach, i 1942. Ar an iliomad cnuasach gearrscéalta atá foilsithe aige, tá An Pincín agus Scéalta Eile (1996) agus Ingne Dearga Dheaideo (2005). 2014, foilsíodh Rogha Scéalta leis, roghnaithe ag an Ollamh Brian Ó Conchubhair.

Ar na húrscéalta leis atá foilsithe, tá Deargadaoil i mBád fó Thoinn (2012) agus Dialann mo Mháthar (2018). Tá dhá leabhar béaloideasa foilsithe freisin aige: Maigh Cuilinn: a Táisc agus a Tuairisc (1986) agus Bróga Páipéir agus Stocaí Bainne Ramhair (2007). Tá sé pósta agus tá clann agus garchlann mar chúram air.